Do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a íoc

Do shonraí bainc a athrú le haghaidh CMÁ

Dochar Díreach Míosúil (MDD) nó Treoir Dochair Bhliantúil (TDB)

Ba chóir duit do mhodh íocaíochta Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) a nuashonrú más rud é:

  • gur athraigh tú do chuntas bainc le déanaí
  • agus
  • gur íoc tú do mhuirear CMÁ trí Dhochar Díreach Míosúil (MDD) nó le Treoir Dochair Bhliantúil (TDB).

Chun é seo a dhéanamh:

  1. Sínigh isteach ar an seirbhís CMÁ ar líne (teastóidh d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), d'Aitheantas Maoine uathúil agus UAP slán uait).
  2. Faoi 'Íocaíochtaí', roghnaigh an roghchlár anuas.
  3. Roghnaigh 'Gach rud' agus cliceáil ar 'Féach na Sonraí'.
  4. Cliceáil ar 'Leasaigh'.
  5. Roghnaigh 'Dochar Díreach Míosúil' nó 'Treoir Dochair Bhliantúil' ón roghchlár anuas de réir mar is gá.
  6. Cuir isteach do IBAN nua agus Roghnaigh ‘Lean ar aghaidh’.
  7. Cuir isteach an UAP slán agus cliceáil ‘Sínigh agus Tíolaic‘.

Tabhair do d'aire

Má íocann tú do CMÁ trí TDB, asbhainfidh na Coimisinéirí Ioncaim íocaíocht ar an 21 Márta 2027, mura roghnaíonn tú dáta níos luaithe. Nuair a asbhainfear an íocaíocht, ní bheidh tú in ann do chuid sonraí a leasú.

Ar aghaidh: Riaráistí CMÁ a íoc