Do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a íoc

Dátaí íocaíochta CMÁ le haghaidh 2027

Braitheann an dáta faoina gcaithfidh tú do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a íoc ar an rogha íocaíochta a roghnaíonn tú:

Eanáir 2027

Tosaíonn tráthíocaíochtaí trí asbhaint ag an bhfoinse agus gnáthíocaíochtaí airgid thirim trí Sholáthraí Seirbhíse Íocaíochta (SSÍ). Is iad An Post agus Payzone na SSÍanna ceadaithe.

11 Eanáir 2027

An dáta is déanaí chun íocaíocht iomlán a dhéanamh trí SSÍ ceadaithe nó trí chárta dochair nó trí chárta creidmheasa.

15 Eanáir 2027

Tosófar íocaíochtaí dochair dhírigh míosúla agus leanfaidh siad ar aghaidh ar an 15ú lá de gach mí.

21 Márta 2027

Is é seo an dáta asbhainte le haghaidh íocaíocht a dhéanamh trí Threoir Dochair Bhliantúil (TDB).

Tabhair do d'aire

Má tá tú ag roinnt d'íocaíochtaí thar 2027, nó má tá tú ag íoc le TDB, ní mór duit do mhodh íocaíochta a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim faoin 2 Nollaig 2026. Féadtar an rogha íocaíochta ábhartha a roghnú tríd an tseirbhís CMÁ ar líne.

Mura bhfuil do mhuirear CMÁ íoctha agat le blianta roimhe sin, ba chóir duit é sin a dhéanamh láithreach.

Ar aghaidh: Do CMÁ a íoc trí íocaíocht amháin ina iomláine