Do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a íoc

Modhanna íocaíochta CMÁ a thugtar ar aghaidh

Má íocann tú do Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) ag baint úsáide as modh íocaíochta athfhillteach, déantar do mhodh íocaíochta reatha a thabhairt ar aghaidh gach bliain.

Is iad na modhanna íocaíochta athfhilltí ná:

  • dochar díreach míosúil
  • Treoir Dochair Bhliantúil
  • asbhaint ag an bhfoinse ó:
    • do thuarastal, phá nó phinsean ceirde
    • íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS)
    • nó
    • íocaíochtaí  ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM).

CMÁ a íoc ar dhá maoin nó níos mó

Tabharfar do mhodh íocaíochta reatha do gach maoin ar aghaidh go huathoibríoch más rud é:

  • go bhfuil tú faoi dhliteanas CMÁ le haghaidh dhá maoin, nó níos mó
  • agus
  • go bhfuil CMÁ á íoc agat cheana féin tríd an modh íocaíochta athfhilltí céanna do do chuid maoine go léir.

CMÁ a íoc le haghaidh breis agus deich maoin

Má tá tú faoi dhliteanas CMÁ i leith deich maoin, nó níos mó, féadtar ceann acu seo a leanas a dhéanamh:

  • sonraigh an modh íocaíochta ab fhearr leat ar an Tuairisceán CMÁ i leith gach maoin ar leithligh
  • nó
  • déan socrú íocaíochta aonair a shocrú suas chun do tháillí CMÁ a chlúdach do do chuid maoine go léir. Féadtar an rogha 'Íocaíocht le haghaidh Tréimhsí nó Maoine  iomadúla a chur ar bun' a úsáid ar an tseirbhís CMÁ ar líne.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le do thuairisceán a chur isteach le haghaidh maoine iolracha, féach Úinéirí le maoine iomadúla.

Ar aghaidh: Do shonraí bainc a athrú le haghaidh CMÁ