Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann tú d'oibleagáidí

Léargas ginearálta

Níl tú comhlíontach má loiceann tú do chuid dualgais Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) nó Muirir Teaghlaigh a chomhlíonadh. Bainfidh na Coimisinéirí Ioncaim úsáid as réimse roghanna bailithe agus forfheidhmithe chun aon cháin atá dlite a bhailiú.

Reáchtálann na Coimisinéirí Ioncaim roinnt feachtas comhlíontachta chun daoine dliteanacha a mheabhrú maidir lena ndualgas CMÁ. Mura bhfaightear freagra taobh istigh den am sonraithe, bainfidh na Coimisinéirí Ioncaim úsaid as na roghanna bailithe nó forfheidhmithe seo a leanas:

  • asbhaint éigeantach ó thuarastal nó ó phinsean ceirde
  • aon aisíocaíocht i leith cáin eile a choinneail siar mar íocaíocht i gcoinne CMÁ dlite
  • Deimhniú Imréitigh Cánach a choinneáil siar
  • formhuirear CMÁ ginte ar thuairisceáin Cánach Ioncaim, Cánach Corparáide nó Cánach Gnóthachan Caipitiúil
  • féadtar táillí úis 8% in aghaidh na bliana agus pionóis bhreise a ghearradh
  • atreorú an fhiachais chuig sirriam nó dlíodóir lena bhailiú
  • fógra astaithe chuig cuntas bainc an úinéara.

Ar aghaidh: Asbhaint éigeantach ag an bhfoinse