Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann tú d'oibleagáidí

Táillí úis

Gearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ús 8% in aghaidh na bliana más rud é:

  • nach n-íocann tú do Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ)
  • má íocann tú do CMÁ go déanach.

Nuair a fhanann an CMÁ (agus ús san áireamh) gan íoc, éiríonn sé ina mhuirear ar an maoin.

Ciallaíonn sé seo nach bhféadtar:

  • an mhaoin a dhíol
  • an mhaoin a aistriú

gan an tsuim cánach agus úis CMÁ atá amuigh a íoc.

Ní mór aon ús a d’fhéadfadh a bheith dlite a chur san áireamh i ngach íocaíocht amuigh CMÁ leis na Coimisinéirí Ioncaim. Gearrtar ús ar Riaráistí CMÁ ag ráta 8% in aghaidh na bliana.

Má roghnaigh tú íocaíocht CMÁ a iarchur, ní mór duit cuntas a thabhairt ar an ús iarchurtha ag ráta 4% do dhliteanais amuigh suas leis a 31 Nollaig 2021 agus 3% ar dhliteanais amuigh ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh. Ní mór duit ús iarchurtha a íoc sula bhféadfaidh tú maoin a dhíol nó a aistriú.

Má d’éiligh tú iarchur go mícheart, ní mór duit cuntas a thabhairt ar an ús iomlán atá dlite ag 8% in aghaidh na bliana.

Nuair a fhanann an CMÁ (agus ús san áireamh) gan íoc, éiríonn sé ina mhuirear ar an maoin.

Ciallaíonn sé seo nach bhféadtar an mhaoin a dhíol ná a aistriú mura n-íocann tú an méid cánach agus úis CMÁ amuigh.

Ar aghaidh: Forghníomhú CMÁ