Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann tú d'oibleagáidí

Asbhaint éigeantach ag an bhfoinse

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim treoir a thabhairt do d’fhostóir nó do do sholáthraí pinsin do Chánach Maoine Áitiúla (CMÁ) amuigh a asbhaint. Bainfear an dliteanas seo ó do thuarastal nó ó do phinsean ceirde. Tarlóidh sé seo mura ndéantar íocaíochtaí CMÁ in am. Tarlóidh sé seo freisin sa chás nach gcomhlíontar an rogha íocaíochta a roghnaigh tú.

Ní chuirtear in iúl do d'fhostóir nár íoc tú do CMÁ amuigh.

Eiseofar an treoir chuig d'fhostóir amhail is gur roghnaigh tú an modh íocaíochta asbhainte ag an bhfoinse go deonach. Is modh íocaíochta coitianta é asbhaint ag an bhfoinse a úsáideann fostaithe chun a CMÁ a íoc.

Sa chás nach bhfuil tuairisceán CMÁ tíolactha ag úinéirí in am, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim meastachán ar an méid CMÁ a raibh le baint óna bpá nó óna bpinsean ceirde.

Ar aghaidh: An Formhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)