Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann tú d'oibleagáidí

Imréiteach cánach

Má loiceann tú do chuid dualgas Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a chomhlíonadh, teipfidh ar d’iarratas ar líne ar imréiteach cánach. Féadfaidh sé go dteipfidh ar d’iarratas ar chúiseanna éagsúla:

  • tá tuairisceán CMÁ amuigh ann i leith maoin a bhfuil tú i d’úinéir uirthi
  • tá dliteanais amuigh agat i leith maoin nach leat í
  • tá tú ceangailte le maoine a bhí faoi d’úinéireacht agat roimhe seo
  • agus, nó
  • níor íoc tú an CMÁ dlite de réir comhaontú aontaithe íocaíochta.

Ní mór gach tuairisceán CMÁ amuigh, in éineacht le gach dliteanas agus ús amuigh a íoc ina n-iomláine. Féadtar ansin iarratas a dhéanamh ar líne ar Dheimhniú Imréitigh Cánach.

Tabhair do d’aire

Ba chóir duit iarratas nua a dhéanamh ar imréiteach cánach sa chás:

  • gur dhíol tú le gairid nó gur tháining tú de bheith i d'úinéir maoine
  • gur íoc tú na muirir CMÁ go léir a bhí tú faoi dhliteanas ina leith.

Ar aghaidh: Táillí úis