Íocaíochtaí Cánach a dhéanamh le linn COVID-19

Tabhair do d'aire

Tá roinnt bealaí ann chun íocaíocht a dhéanamh ar líne leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Dochar díreach míosúil

Féadtar d’iarratas chun íocaíocht dochair dhírigh a leasú nó a chealú a chur isteach trí M’Fhiosruithe in moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Chun é seo a dhéanamh, cliceáil ar ‘M’Fhiosruithe’, ansin:

  • cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’
  • roghnaigh ‘An tArd-Bhailitheoir’ ón roghchlár aníos 'Baineann m’fhiosrú le'
  • roghnaigh ‘Dochar díreach’ ón roghchlár aníos 'Agus níos Beaichte'
  • cuir isteach téacs do cheist sa bhosca ‘Tíolaic sonraí’. Más gá, féadfaidh tú comhad nó doiciméad a cheangal trí chliceáil ar ‘Cuir chomhad leis’
  • Cliceáil ar ‘Tíolaic Fiosrú’.

Lamháltais le haghaidh Íocaíochtaí dochair dhírigh athraitheach CBL caillte

Tá lamháltais sealadach déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim i leith an scéim dochair dhírigh athraitheach. Sa chás, go dteipeann ar dhochar díreach athraitheach mar gheall ar chistí neamhleora, tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis an próiseas chun iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht arís a chur ar fionraí. Tháinig an fionraí sealadach seo i bhfeidhm d’íocaíochtaí dochair dhírigh athraithigh i leith Márta 2020 ar aghaidh.

Ní mór d’fhostóirí leanúint ar aghaidh ag tuairisciú na sonraí párolla gach mí le cinntiú go bhfuil an tuairisceán tíolactha nó measta cruinn.

Fiosruithe ar Íocaíochtaí

I gcás fiosruithe sonracha i leith íocaíochtaí, déan d’fhiosrú a thíolacadh go díreach trí M’Fhiosruithe. Chun é seo a dhéanamh:

  • cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’
  • roghnaigh ‘Seachas ceann acu thuas’ ón roghchlár aníos 'Baineann m’fhiosrú le'
  • roghnaigh ‘Íocaíochtaí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)’ ón roghchlár anuas ‘Agus níos beaichte’
  • cuir isteach téacs do cheist sa bhosca ‘Tíolaic sonraí’. Más gá, féadfaidh tú comhad nó doiciméad a cheangal trí chliceáil ar ‘Cuir chomhad leis’
  • cliceáil ar ‘Tíolaic Fiosrú’.