Athbhreithniú ar rátaí Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI)

Cuireadh an t-athbhreithniú ar rátaí Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI) a bhí beartaithe le déanamh i mí an Mhárta 2020 ar fionraí. Úsáidtear an próiseas seo chun an méid seo a leanas i leith fochonraitheoir a chinneadh:

  • Suíomh comhlíontacha sa chórais ríomh-CCI
  • Ráta asbhainte CCI ceart (0%, 20% nó 35%).

Cuireadh an t-athbreithniú ar fionraí mar féadfaidh sé gur tháinig méadú ar ráta CCI an fhochonraitheora mar gheall ar an bpróiseas seo, de bharr athruithe i leith a shuíomh comhlíontachta.

Meabhraítear d’fhochonraitheoirí agus do ghníomhairí go bhféadtar Athbhreithnithe ar Rátaí CCI a fhéinbhainistiú ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadann fochonraitheoirí seiceáil ar chóir dá ráta a bheith níos lú, agus féadtar ‘féin-athbhreithniú’ a dhéanamh ansin chun an ráta asbhainte níos lú a fháil.

Cén chaoi le hathbhreithniú a dhéanamh ar do ráta CCI

Sínigh isteach ar ROS agus ansin:

  • roghnaigh ‘Bainistigh Cáin Conarthaí Iomchuí’ sa rannán ‘Seirbhísí Eile’
  • roghnaigh ‘Féach/Déan athbreithniú ar an ráta asbhainte’ ón rannán ‘Ráta asbhainte’
  • cliceáil ‘seiceáil’ faoi ‘Déan athbreithniú ar an ráta asbhainte’
  • cliceáil ‘d’iarr litir ó na Coimisinéirí Ioncaim’, má theastaíonn deimhniú uait maidir le do ráta CCI.

Tabhair do d'aire

Taispeánfar liosta de na tuairisceáin chánach reatha amuigh agus suimeanna iarmhéid amuigh nuair a bheas an t-athbhreithniú ar do ráta CCI críochnaithe. Is é an liosta seo an chúis le haon athrú aníos ar do ráta.

Cén chaoi le do ráta CCI a cheistiú

Féadfaidh sé gur mian leat do ráta CCI a cheistiú leis na gCoimisinéirí Ioncaim tar éis duit do ráta a hathbhreithniú. Féadtar é seo a dhéanamh in ROS:

  • Roghnaigh ‘M’Fhiosruithe’ sa rannán ‘Seirbhísí Eile’
  • cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’
  • roghnaigh ‘Cáin Conarthaí Iomchuí’ ón roghchlár ‘Baineann m’fhiosrú le’
  • roghnaigh ‘athbreithniú ar ráta CCI’ ón roghchlár ‘Agus níos Beaichte’
  • líon isteach d’fhiosrú sa bhosca ‘Tíolaic sonraí’ agus cliceáil ar tíolaic.