An CLÚTI a scrúdú

Léargas ginearálta

Tugtar míniú sa rannán seo ar an gcaoi a n-úsáidfear an Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI) agus cé a fhéadfaidh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá ann.

Ón 24 Deireadh Fómhair 2021, tá an CLÚTI ar fáil lena scrúdú:

  • comhlachtaí áirithe poiblí
  • údaráis inniúla chuí
  • daoine ainmnithe
  • agus
  • baill den phobal a bhfuil leas dlisteanach acu.

Bainfear úsáid as an bhfaisnéis chun trédhearcacht in Éirinn agus san Aontas Eorpach (AE) a fheabhsú tríd é a dhéanamh soiléir cé hiad na daoine ar leo iontaobhais in Éirinn agus cé a rialaíonn iad.

Braithfidh an cineál rochtana seo ar chineál an iarratais rochtana agus má tá an t-iarratasóir in ann a bhunú go bhfuil ceart rochtana acu.

Baineann rochtain srianta le rochtain páirteach ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil agus baineann rochtain neamhtheoranta le rochtain iomlán ar fhaisnéis a bhaineann le húinéireacht thairbhiúil.

Ar aghaidh: Cén úsáid a bhainfear as an bhfaisnéis atá ar CLÚTI?