An CLÚTI a scrúdú

Rochtain theoranta

Tá rochtain theoranta ar fáil do na daoine seo:

  • duine ainmnithe mar atá sainmhínithe san Acht um Cheartas Coiriúil in Section 25 Criminal Justice (Money Laundering and Terrorist Financing) Act 2010
  • baill den phobal a bhfuil leas dlisteanach acu.

Féadann Duine Ainmnithe rochtain a fháil ar an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI) sa chás go bhfuil an méid seo a leanas i gceist le hiontaobhaí:

  • nuair a dhéanann iontaobhaí idirbheart ócáideach le Duine Ainmnithe
  • nuair a chruthaíonn iontaobhaí caidreamh gnó leis an Duine Ainmnithe
  • nuair tá an Duine Ainmnithe ag tabhairt díchill chuí do chustaiméirí de réir Chuid 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta), 2010 i ndáil le hiontaobhas cuí.

Tabhair do d’aire

Ní mór do dhuine ainmnithe ‘fógra neamhréireachta’ a sheachadadh don Chláraitheoir nuair atá neamhréireacht idir shonraí chlár iontaobhais inmheánach agus sonraí an CLÚTI.

Féadann baill den phobal teacht ar fhaisnéis teoranta ar an CLÚTI nuair atá siad in ann leas dlisteanach a léiriú go bhfuil:

  • an duine atá bainteach le hionchúisimh sciúridh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú
  • agus
  • go bhfuil baint ag an iarratas rochtana le daoine a ciontaíodh i gcoir bainteach nó a bhfuil sócmhainní acu i dtríú tír ard-riosca.

Ní mór faisnéis agus doiciméid a léiríonn ceart rochtana a bheith in éineacht le haon iarratas ar rochtain ag baill den phobal. 

Tabhair do d'aire

Ní dhéanfar faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a bhaineann le mionaoisigh a nochtadh ach amháin sa chás gur bhunaigh an t-iarratas rochtana go bhfuil sé ar mhaithe leis an bpobal é a nochtadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach CRBOT Information on Access for Designated Persons and Discrepancy Notices