Imréiteach láraithe (SASP)

Tugadh Údarú Aonair do Nósanna Imeachta Simplithe (SASP) ar Imréiteach Láraithe roimhe seo.

Leis an simpliúchán seo féadann oibreoirí eacnamaíocha earraí a dhearbhú i mBallstát amháin (an Ballstát Maoirseachta). Féadtar na hearraí seo a iompórtáil nó a easpórtáil go fisiceach i mBallstát éagsúil (Ballstát Rannpháirteach). Leis an imréiteach láraithe, féadann oibreoirí eacnamaíocha lárú a dhéanamh ar chuntasaíocht agus ar íoc Dleachtanna Custam dá n-idirbhearta custam uile sa Bhallstát Maoirseachta.

Ní bheidh imréiteach láraithe ar fáil ina iomláine go dtí 2025. Ní bheidh na córais leictreonacha chun tacú leis an bpróiseas ar fáil go dtí sin. Le linn na hidirthréimhse, leanfaidh SASP de bheith ann, ach tabharfar imréiteach láraithe air. Faoin nós imeachta seo, ní fhéadtar an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • lárú a dhéanamh ar íoc na gcánacha agus na ndleachtanna a bhfuil feidhm leo sa Bhallstát Rannpháirteach, mar shampla Cáin Bhreisluacha (CBL) agus Dleacht Mháil
  • riachtanais náisiúnta eile a chomhlíonadh, i ndáil le staitisticí agus toirmisc agus srianta.

Déanfar achoimre i d’údarú ar na socruithe chun déileáil leis na riachtanais seo sa Bhallstát Rannpháirteach.

Is é ceanglas dlí é nach mór próiseas comhairliúcháin a bheith ann idir an Ballstát Maoirseachta agus an Ballstát Rannpháirteach sula bhféadtar údarú a dheonú. Leis an bpróiseas comhairliúcháin, cinnteofar an méid seo:

  •  go bhfuil foráil chuí san údarú sa Bhallstát Maoirseachta le haghaidh dearbhuithe custam agus riachtanais staitistiúla
  •  go gclúdaítear san údarú na riachtanais i ndáil leis an méid seo a leanas faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit Rannpháirtigh:
    • staitisticí
    • CBL
    • ráthaíochtaí
    • earraí toirmiscthe agus srianta.
  • go bhfuil comhphlean rialaithe i bhfeidhm le haghaidh rialú éifeachtach ar an uile earra faoin údarú sna Ballstáit maoirseachta agus rannpháirteacha.

Chun fáil amach an gcomhlíonann tú an caighdeán cuí le haghaidh imréitigh láraithe, comhlánaigh an ceistneoir féinmheasúnaithe seo.

Ní dheonófar údaruithe um imréiteach láraithe ach amháin do shealbhóirí údarú Deimhniú d'Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEOC).

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait i ndáil le himréiteach láraithe nó SASP, ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Simplithe.