Ag tosú ar an 1 Eanáir 2026, féadtar d'iarratas ar stádas dearbhaithe SCCT údaraithe a thíolacadh chuig AMM.
Ní mór rochtain a fháil ar an nasc thuas ar an ngléas a bhfuil deimhniú digiteach Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) an oibreora eacnamaíoch sábháilte air. Má úsáidtear gléas mícheart, taispáinfear teachtaireacht earráide.
Riachtanais bhreise:
- Deimhniú ROS bailí, clárúchán Custam agus Máil (C&M) agus uimhir Chórais um Chlárú agus Aithint Oibreoirí Eacnamaíochta (EORI).
- Déan cinnte gur féidir leat dul isteach i gcórais go rathúil ar chórais eile de chuid an Aontais, mar shampla, an Córas Cinnteoireachta Custam (CCC). Déan cinnte gur féidir leat logáil isteach ar an ngnáthscáileán logála isteach ROS, ansin rochtain a fháil ar nasc Chórais Custam CCA.
- Féach an gabháil scáileán den scáileán logála isteach thíos. Sa chéad réimse, cliceáil ar 'Roghnaigh fearann an fheidhmchláir lena bhfuil iarratas rochtana á dhéanmah ina leith' agus roghnaigh 'Custaim'. Má roghnaítear aon rogha eile, taispáinfear teachtaireacht earráide.

Ó Eanáir 2026 i leith, is gá d'iompórtálaithe:
- a bheith cláraithe mar dhearbhóir SCCT
- deimhnithe SCCT a cheannach chun na hastaíochtaí CO₂ arna nginiúint i monarú na n-earraí a iompórtálann siad a chlúdach
- agus
- cainníocht na n-earraí SCCT a iompórtáiltear (lena n-áirítear astaíochtaí CO₂ leabaithe) a thuairisciú faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis na hiompórtála.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
- An tÚdarás Inniúil Náisiúnta SCCT – An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA). Seol ríomhphost chuig CBAM@epa.ie maidir le ceisteanna a bhaineann le tuairiscí nó ceisteanna teicniúla faoi conas a ríomhtar astaíochtaí.
- An tÚdarás Custam SCCT – Rannóg Custam na gCoimisinéirí Ioncaim. Seol ríomhphost chuig importpolicy@revenue.ie le haghaidh fiosruithe a bhaineann le custaim, lena n-áirítear rochtain ar an tairseach.
Ar aghaidh: 'Oiriúnach do 55' an Aontais Eorpaigh