Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)

  1. Léargas ginearálta
  2. 'Oiriúnach do 55' an Aontais Eorpaigh
  3. Príomhghnéithe

'Oiriúnach do 55' an Aontais Eorpaigh

Leagtar amach in 'Oiriúnach do 55' sprioc aeráide 2030 an AE a bhaint amach maidir leis an mbealach chuig aeráidneodracht. Is é seo an tsraith tograí is cuimsithí atá curtha i láthair riamh ag an gCoimisiún maidir leis an aeráid agus fuinneamh.

Leanann an togra amach an bonn le haghaidh an méid seo thíos:

  • poist nua agus geilleagar Eorpach acmhainneach agus inbhuanaithe don todhchaí
  • agus
  • laghdú 55% ar astaíochtaí Gáis Ceaptha Teasa (GCT) san Aontas faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 1990).

Ba é an toradh a bhí air freisin ná Rialachán (AE) 2023/956 a foilsíodh ar an 10 Bealtaine 2023, lena bhforáiltear an bunús dlí do SCCT.

Oibreoidh na Coimisinéirí Ioncaim, mar an tÚdarás Náisiúnta Custam, agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), mar an tÚdarás Inniúil Náisiúnta, le chéile chun teagmháil a dhéanamh leis na geallsealbhóirí uile chun SCCT a chur i bhfeidhm.

Ar aghaidh: Príomhghnéithe