Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)

Léargas ginearálta

Tá bearta á chur i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach (AE) chun astaíochtaí carbóin a laghdú. Mar sin féin, tá roinnt tíortha nach ballstáit den Aontas iad atá fós ag feidhmiú le beartais aeráide nach bhfuil chomh dian céanna. D'fhéadfadh roinnt cuideachtaí de chuid an Aontais a dtáirgeadh diancharbóin a bhogadh lasmuigh den Aontas chun costais a laghdú. Tá baol ann go mbeidh 'sceitheadh carbóin' mar a thugtar air mar thoradh air seo.

Cuireann Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) de chuid an Aontais praghas cothrom ar an gcarbón a astaítear le linn táirgeadh earraí diancharbóin a thagann isteach san AE Spreagfaidh sé seo táirgeadh tionsclaíoch níos glaine i dtíortha nach ballstáit den Aontas iad.

Tabharfar isteach an SCCT i gcéimeanna chun: 

  • ailíniú a dhéanamh de réir a chéile le leithdháileadh na lamháltas saor in aisce faoi Chóras Trádáil Astaíochtaí (CTA) an AE sna hocht mbliana amach romhainn.
  • a chinntiú gurab ionann praghas carbóin na n-iompórtálacha agus praghas carbóin an táirgthe intíre
  • agus
  • chun a chinntiú nach mbainfear an bonn de chuspóirí aeráide an AE.

Ar aghaidh: 'Oiriúnach do 55' an Aontais Eorpaigh