Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)
Príomhghnéithe
Cuireadh tús le cur chun feidhme an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) ar an 1 Deireadh Fómhair 2023. Baineann SCCT le hiarann, cruach, alúmanam, stroighin, leictreachas, leasacháin agus hidrigin a tháirgtear lasmuigh den Aontas Eorpach (AE). Ón 1 Eanáir 2026, beidh na hearraí seo faoi réir muirear carbóin faoi SCCT nuair a iompórtáiltear iad. Ní mór don iompórtálaí deimhnithe SCCT a cheannach chun an muirear a chlúdach.
Ní mór d'aon iompórtálaí atá bunaithe i mBallstát AE agus a iompórtálann 50 tonna nó níos mó d'earraí SCCT in aghaidh na mbliana, iarratas a dhéanamh ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe. Ní mór duit é sin a dhéanamh chun leanúint ar aghaidh ag iompórtáil níos mó ná 50 tonna d'earraí SCCT isteach go hÉirinn. Tá forálacha ar leith i bhfeidhm maidir le hiompórtálacha leictreachais agus hidrigin. Féadtar é seo a dhéanamh tríd an Modúl Bainistíochta Údarúcháin (AMM).
Ní mór d'iarratas ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe a thíolacadh roimh dháta na hiompórtála ar a sárófar an tairseach 50 tonna. Má tá aon amhras ort faoin tairseach seo, déan teagmháil leis an bhfoireann Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) SCCT agus déan iarratas ar údarú. Féadtar d'iarratas a tharraingt siar ag am ar bith sula gcríochnaítear an measúnú. Ní bhaineann na hoibleagáidí airgeadais agus tuairiscithe ach leo siúd a iompórtálann 50 tonna nó níos mó d'earraí SCCT i gcaitheamh na bliana.
Chomh maith le hiarratas a dhéanamh ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe, ní mór duit freisin clárú mar dhearbhóir tuairiscithe (nó ionadaí Custaim indíreach a cheapadh).
Más ionadaí Custaim indíreach thú (atá bunaithe i mBallstát AE), ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar údarú anois. Is cuma cibé an bhfuil na daoine a ndéanann tú ionadaíocht dóibh ag iompórtáil os cionn nó faoi bhun an tairseach 50 tonna d'earraí SCCT in aghaidh na bliana féilire.
Ar aghaidh: Rochtain ar an Modúl Bainistíochta Údaraithe (AMM)