Cén tionchar a bheas ag an gCóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) ar do ghnó?

Gníomhairí custam

Más gníomhaire Custam thú, féadfaidh tú:

  • do bhogearraí custam féin atá forbartha go hinmheánach agus a bhfuil tacaíocht inmheánach agat dóibh a úsáid
  • bogearraí custam curtha ar fáil ag soláthraí córas seachtrach

I ngach cás, ní mór duit a chinntiú:

  • go bhféadann na bogearraí custaim atá á n-úsáid agat dul i ngleic le CIU
  • agus
  • go bhfuil tuiscint ag d’fhoireann ar ábhar agus ar struchtúr na dearbhuithe agus na cineálacha teachtaireachta.

Ba chóir don fhoireann uile a bhfuil baint acu le dearbhuithe iompórtála a chomhlánú sa CIU tagairt a dhéanamh do na doiciméid seo a leanas mar threoir:

Tabhair do d’aire

Má thaisceann tú dearbhuithe easpórtála, nó má tá sé i gceist agat é sin a dhéanamh, ní mór duit an Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES) a úsáid trí úsáid a bhaint as na bogearraí AES cuí.

Gheobhaidh tú eolas úsáideach ar CIU Automated Import System (AIS) - Information for customs agents.

Má bhíonn aon cheisteanna agat i ndáil leis an gcur i láthair seo, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim ag ucc-cmu@revenue.ie.

Ar aghaidh: Oibreoirí Saoráidí Stórála Sealadacha (SSS)