Nua do chustaim

An t-ualach custam a éascú

Tá roinnt bealaí ann a fhéadtar d’idirghníomhú leis na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh níos éasca sa timpeallacht trádála. Féadtar iarratas a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

  • Íocaíocht iarchurtha, rud a ligeann duit iarchur a dhéanamh ar mhuirir iompórtála a íoc go dtí an mhí tar éis na hiompórtála.
  • Stádas mar Oibreoir Eacnamaíochta Údaraithe (OEÚ) rud a aithníonn oibreoirí mar oibreoirí atá slán agus sábháilte agus tá mórán buntáistí ann don trádálaí.
  • Nósanna imeachta simplithe, rud a ligeann duit earraí a iompórtáil agus gnásanna custam a dhéanamh ar bhealach níos éasca.
  • Le nósanna imeachta próiseála isteach nó amach agus úsáide deiridh, trádstórála agus cead isteach sealadach, foráiltear d’fhaoiseamh ó mhuirir iompórtála, ag brath ar úsáid na n-earraí.
  • Údarú le bheith mar choinsíní údaraithe nó mar choinsíneoir údaraithe, rud a ligeann duit gnásanna idirthurais a chomhlánú ag d’áitreabh féin.
  • Is éard is áis stórála sealadaí ann ná áit atá ceadaithe ag na custaim atá taobh istigh nó taobh amuigh den chalafort nó den aerfort. In áis stórála sealadaí, cuirtear earraí neamh-Aontais i stóras roimh iad a chur faoi nós imeachta custam nó roimh iad a ath-easpórtáil.
  • Faoiseamh ó Dhleacht Custam agus CBL a íoc, ag brath ar chineál agus ar luach do chuid earraí. Tá eolas faoi na faoisimh seo ar fáil ar an leathanach faoiseamh ó Dhleacht Custam agus CBL agus faoisimh phearsanta ó Dhleacht Custam agus CBL.

Tá coinníollacha agus rialacha ag baint leis na húdaruithe agus na faoisimh seo agus ní mór cloí leo.

Ráthaíocht chuimsitheach

Má bhaineann tú leas as údarú a bhfuil dleacht ar fionraí i gceist leis, teastóidh ráthaíocht chuimsitheach chun urrús a thabhairt i gcoinne loiceadh íocaíochta.

Tá tuilleadh mionsonraí faoi ráthaíochtaí cuimsitheacha agus tarscaoiltí ráthaíochta agus cén chaoi le hiarratas a dhéanamh, ar fáil in ráthaíochtaí cuimsitheacha agus tarscaoiltí ráthaíochta.

Tuilleadh eolais

Tá eolas cuimsitheach faoi na nósanna imeachta custam agus rialacha trádála le tíortha neamh-AE inár rannán Chustaim le haghaidh gnóthaí.

Ar aghaidh: Eolas maidir le córais leictreonacha custam