Nua do chustaim

Earraí a iompórtáil, a easpórtáil agus a bhogadh

Earraí a iompórtáil ó thír neamh-Aontais Eorpaigh (AE)                       

Tá an méid seo i gceist leis na hearraí seo:                                                                                   

  • teastaíonn dearbhú iompórtála ina leith                           
  • dearbhú iompórtála sábháilteachta agus slándála (S agus S)
  • tá siad faoi réir rialú Custam
  • féadfaidh sé go dteastóidh ceadúnas ina leith faoi na rialacha ar thoirmisc agus srianta
  • agus
  • féadfaidh sé go dtabhóidh siad Cáin Bhreisluacha (CBL), Dleacht Mháil agus dleachtanna Custam. 

Earraí a easpórtáil chuig tír neamh-AE

Tá an méid seo i gceist leis na hearraí seo:

  • teastaíonn dearbhú easpórtála ina leith (lena n-áirítear S agus S)
  • tá siad faoi réir rialú custam
  • agus
  • féadfaidh sé go dteastóidh ceadúnas ina leith faoi na rialacha ar thoirmisc agus srianta.

Earraí a bhogadh trí thír neamh-AE

Is faoi rialú custam a bhogtar earraí ó Bhallstát AE amháin chuig ceann eile trí thír neamh-AE. Is éard atá i gceist le hidirthuras ná nós imeachta custam trína bhféadtar earraí a bhogadh thar theorainneacha idirnáisiúnta faoi rialú custam.

Aicmiúchán

Má dhéanann tú earraí a iompórtáil nó a easpórtáil isteach, chuig nó amach as an Aontas Eorpach (AE), ní mór duit na hearraí sin a aicmiú chun críocha custam. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in aicmiúchán

Ar aghaidh: An t-ualach custam a éascú