Tionscnamh fabhrach agus neamhfhabhrach

Dearbhuithe sonraisc

Má tá cóir fhabhrach á héileamh agat i leith easpórtálacha, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann é seo a dhéanamh gan Teastas Gluaiseachta EUR.1 a úsáid. Ní mór go mbeifeá ceadaithe chun é seo a dhéanamh, áfach. Sa chás go bhfuil tú ceadaithe, féadfaidh tú do chuid doiciméad easpórtála féin (sonraisc nó doiciméid eile tráchtála) a fhormhuiniú le sonrú go gcáilíonn na hearraí le haghaidh stádas tionscnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Is gnách go dtagraítear dó seo mar dhearbhú sonraisc.

Más rud é:

  • gur easpórtálaí ceadaithe thú i mBallstát amháin
  • agus
  • go ndéanann tú tairgí a easpórtáil ó Bhallstát eile go rialta

féadann tú do cheadú a úsáid le haghaidh easpórtálacha ón mBallstát eile sin.

Ní bhfaighidh tú ceadú chun dearbhú sonraisc a dhéanamh ach amháin más mó luach do choinsíneachta ná €6,000. Ní theastaíonn ceadú más lú luach na coinsíneachta ná €6,000.

Chun cur isteach ar cheadú, ba chóir an fhoirm iarratais um nós imeacht simplithe a comhlánú.

Ar aghaidh: Dearbhú soláthraí