Tionscnamh fabhrach agus neamhfhabhrach

Córas d'Easpórtálaithe Cláraithe (REX)

Leis an gcóras REX, foráiltear do dheimhniú tionscnaimh ar

  • iompórtálacha isteach san Aontas Eorpach (AE) ó thíortha áirithe faoin gCóras Ginearálaithe um Fhabhair (CGF)
  • deimhniú tionscnaimh ar easpórtálacha tionscnaimh fabhrach ón AE faoi chomhaontuithe fabhracha áitithe, mar shampla, chuig an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an tSeapáin agus Vítneam.

Ligeann sé d’easpórtálaí cláraithe tionscnamh fabhrach a dheimhniú. Déantar é seo trí dhearbhú sonrach a chur san áireamh ar an sonrasc, nó ar dhoiciméad eile tráchtála, ar a sainaithnítear na táirgí easpórtáilte.

Má tá luach faoi €6,000 ar do lasta, féadtar an ráiteas ar thionscnamh a dhéanamh gan aon dualgas a bheith cláraithe.

Feidhmíonn na tíortha tairbhe CGF an córas REX. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an Córas d’Easpórtálaithe Cláraithe.

Má tá tú ag iompórtáil ó easpórtálaí cláraithe faoin gcóras CGF, ba chóir duit an uimhir REX a fhíorú ar an REX database.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an gCóras d’Easpórtálaithe Cláraithe (REX)

Ba chóir duit d'iarratais REX a chur isteach go leictreonach ar an gcóras REX. Féadtar teacht ar an gcóras REX tríd an EU Trader Portal

Sula ndéanann tú iarratas ar REX, teastóidh na nithe seo a leanas uait:

  1. Deimhniú bailí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) - cinntigh go bhfuil do dheimhniú ROS fós bailí. Teastóidh an deimhniú ROS seo le rochtain ar an gcóras REX nó le rochtain a roinnt le do ghníomhaire. Féach Treoir maidir le ROS le haghaidh tuilleadh sonraí ar an gcaoi le clárú le haghaidh ROS.
  2. Clárúchán le haghaidh Custam agus Máil in ROS.
  3. Uimhir Chlárúcháin agus Aitheantais Oibreora Eacnamaíochta (EORI) bailí.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar iarratais leictreonacha REX in  eCsutoms Notification 021/2021.

Ar aghaidh: Dearbhuithe sonraisc