Próiseáil amach

Má dhéanann tú earraí a easpórtáil go sealadach lena bpróiseáil nó lena ndeisiú, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach a éileamh i leith muirir iompórtála.

Céard is próiseáil amach ann?

Faoin nós imeachta um próiseáil amach, féadtar earraí de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) lena bpróiseáil nó lena ndeisiú i dtír neamh-AE a easpórtáil go sealadach.  Féadtar faoiseamh iomlán nó páirteach ó mhuirir iompórtála a éileamh nuair a dhéantar na hearraí a ath-iompórtáil agus nuair a scaoiltear leo le haghaidh saorchúrsaíocht san AE.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi phróiseáil amach, féach Treoir breise.

Cén chaoi le cur isteach ar údarú

Ba chóir d’iarratas ar phróiseáil amach a dhéanamh go leictreonach leis an gCóras Cinntí Custam (CDS).

Iarratas ar phróiseáil amach de bhun dearbhú custam

Má dhéanann tú earraí a easpórtáil ó am go chéile leis an bpróiseas próiseála amach, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann do dhearbhú easpórtála a úsáid mar d’iarratas. Má bhaineann tú úsáid as an nós imeachta seo, ní mór duit an fhoirm dearbhaithe próiseála amach forlíontach a chomhlánú agus thaisceadh le do dhearbhú easpórtála. Tá tuilleadh eolais mhionsonraithe air seo sna treoirlínte do thrádálaithe i leith próiseáil amach. 

Má dhéanann tú iompórtálacha rialta chun próiseála amach, ba chóir duit cur isteach ar údarú leis an gCóras um Chinntí Custam.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.