Ábhair oideachais, eolaíochta agus cultúir a iompórtáil

Céard iad na hearraí a cháilíonn don fhaoiseamh?

Féadtar an méid seo a leanas a iompórtáil:

  • na hearraí atá sa liosta in Annex I is cuma cé a iompórtálann iad.
  • na hearraí ar an liosta in Annex II más ceann díobh seo thú:
    • eagraíocht phoiblí oideachais, eolaíochta nó cultúir  
    • eagraíocht sa liosta i gcolún a trí den aguisín seo agus atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
  • ionstraimí nó fearas eolaíochta chun críocha neamhthráchtála sna cásanna seo:
    • más foras poiblí oideachais nó eolaíochta taighde thú atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
    • más foras príobháideach oideachais nó eolaíochta taighde thú atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
    • má tá tú ag iompórtáil thar ceann eagraíocht eolaíochta taighde bunaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE). Ní mór an fearas seo a bheith in úsáid ag an eagraíocht nó a bheith in úsáid le cead na heagraíochta chun cláir idirnáisiúnta eolaíochta taighde bunaithe san AE a chur i gcrích. Ní mór na heagraíochtaí a bheith ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
  • páirteanna spártha, comhchodanna, oiriúintí agus uirlisí a úsáidtear chun ionstraimí agus fearais eolaíochta a dheisiú agus a chothabháil.

Tabhair do d'aire

Féadfaidh sé nach gceadófar faoiseamh duit ar ionstraimí nó fearais áirithe. Tarlaíonn sé seo nuair a bhíonn cead isteach saor ó dhleacht d’earraí den chineál seo, díobhálach do thionscal an AE.

Ar aghaidh: Cén chaoi le cur isteach ar an bhfaoiseamh