Ábhair oideachais, eolaíochta agus cultúir a iompórtáil

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ní mór do sheoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis na hearraí a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil an pacáiste. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san eolas seo faoi na hearraí:
    • cur síos cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • Earraí oideachais, cultúir nó eolaíochta: díolúine ó dhleachtanna custam éilithe’ a mharcáil ar an bpacáiste.

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann leis an bpacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú leictreonach custam a chomhlánú trí Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Ba chóir dóibh an méid seo a leanas a bheith ar an dearbhú custaim seo:

  • na hearraí a dearbhú mar 'Earraí oideachais, cultúir nó eolaíochta' in DE 2/3
  • ceann de na cóid seo a leanas a chur isteach in DE 1/11 den dearbhú leis an gcód comhfhreagrach (más ann dó) in DE 2/3:
    • earraí Aguisín I – cód C11
    • earraí Aguisín II – cód C12
    • páirteanna spártha, comhchodanna, oiriúintí agus uirlisí – cód C13
    • ionstraimí nó gléasra eolaíochta – cód C14
  • agus
  • Nuair a chuireann siad cóid C12, C13 nó C14 isteach im DE 1/11 den dearbhú, ba chóir dóibh cód 1D09 agus an uimhir údaraithe ó do litir um údarú a chur isteach in DE 2/3.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an litir údarú mar atá mínithe thuas chun tácú le d’éilimh ar fhaoiseamh.

Ní cheadaítear earraí iompórtáilte le faoiseamh ó dhleachta iompórtála a aistriú, a thabhairt ar iasacht nó a fhruiliú gan na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas agus na dleachta iompórtála a íoc.

Féadtar, áfach, na hearraí a thabhairt ar iasacht, a fhruiliú nó a aistriú chuig eagraíocht nó institiúid a cháileodh don fhaoiseamh seo chomh maith. Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas roimh aon aistriú.

Beidh ort dleachtanna iompórtála a íoc sna cásanna seo:

  • mura gcomhlíonann tú na coinníollacha riachtanacha chun cáiliú don fhaoiseamh
  • má athraíonn úsáid na n-earraí.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.