Iompórtáil ainmhithe saotharlainne agus substaintí bitheolaíochta nó ceimiceacha beartaithe le haghaidh taighde

Féadtar ainmhithe áirithe agus substaintí áirithe bitheolaíochta agus ceimiceacha áirithe a iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc. Ní mór go mbeadh na hainmhithe agus na substaintí seo beartaithe le haghaidh taighde.

Céard iad na hearraí a cháilíonn don fhaoiseamh?

Cáilíonn an méid seo a leanas le haghaidh faoisimh:

  • Ainmhithe a ullmhaítear go speisialta le haghaidh úsáid saotharlainne.

Tabhair do d’aire :

Chun cáiliú le haghaidh faoiseamh ó CBL, ní mór gur seoladh na hainmhithe saor ó tháille.

  • Substaintí bitheolaíochta nó ceimiceacha san áireamh ar an liosta thíos. Níor chóir go mbeadh na hearraí seo ar fáil taobh istigh den AE. Is mar gheall ar a dtréithe agus a n-íonacht atá siad oiriúnach le haghaidh taighde eolaíochtúil amháin.
Liosta de shubstaintí incháilithe bitheolaíochta nó ceimiceacha

Uimhir Tagartha (Uimhir an Chustaiméara)

Ceannteideal CCT

Cur Síos

 

2845 90

Héiliam-3

 

2845 90

Uisce (Ocsaigin-18)

 

2849 90

Púdar tíotáiniam cairbíde sileacain a bhfuil íonacht de réir ualaigh 99% nó níos mó aige

20273

2901 29

3-Methylpent-1-ene

20274

2901 29

4-Methylpent-1-ene

20275

2901 29

2-Methylpent-2-ene

20276

2901 29

 3-Methylpent-2-ene

20277

2901 29

4-Methylpent-2-ene

25634

2902 19

P-Mentha-1(7),2-dé-éin Béite-Fileindréine

14769

2903 99

 4,4'-Débhrómaidhéfheinil

17305

2904 10

 Eitil meatánsulfónáite

20641

2926 90

1-Naftonitrile

20642

2926 90

2-Naftonitrile

 

2934 99

Morfailíonó fosfaródémáite olagaiméirí (morfailíonó olaganúicléitídí)

22830

2936 21

Aicéatáit reiteanóil

45091

3204 12

Sulfahódaméin G (C.I. Aigéad Dearg 50)

21887

3507 90

Fosfaglúcamútáis

Céard iad rialacha an fhaoisimh?

Ní mór na hainmhithe agus substaintí bitheolaíochta nó ceimiceacha a bheith beartaithe le haghaidh:

  • forais phoiblí oideachais nó eolaíochta
  • forais phríobháideacha oideachais nó eolaíochta, ar an gcoinníoll go bhfuil ceadú roimh ré faighte acu ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun a leithéid d’earraí a fháil saor ó dhleacht.

Sula n-iompórtálann tú d’earraí, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh agus cur síos a dhéanamh ar na hearraí is mian leat a iompórtáil. Molfaidh siad duit cén chaoi le cur isteach ar cheadú.

Má tá d’iarratas in ord, seolfaidh muid litir um údarú chugat ina mbeidh uimhir tagartha uathúil.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ní mór do seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis na hearraí a sholáthar chuig an tseirbhís post nó cúiréir atá ag láimhseáil an beart. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san eolas seo faoi na hearraí:
    • cur siós cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • marcáil an beart 'Substaintí bitheolaíochta nó ceimiceacha: faoiseamh ó mhuirir iompórtála éilithe'.

Féadann cúiréir nó seirbhís post ag láimhseáil an beart an t-eolas seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag baint úsáid as Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ba chóir dóibh an méid seo a leanas a bheith ar an dearbhú custaim seo:

  • na hearraí a dearbhú mar 'substaintí bitheolaíochta nó ceimiceacha' in D/E 2/3
  • cód C15 a chur isteach in D/E 1/11
  • agus
  • cód 1D09 agus uimhir údaraithe ó do litir um údarú a chur isteach in D/E 2/3.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an litir údaraithe a iarraidh, mar atá thuasluaite, chun tacú le do éileamh ar fhaoiseamh.

Srian ag an iompórtáil

Ní mór go ndéanfaí seiceáil de chuid an Phoist Rialaithe Teorann (PRT) ar gach ainmhí beo agus táirge ainmhí a iompórtáiltear isteach san AE. Féadann táirgí ainmhí le haghaidh taighde a bheith díolmhaithe ó sheiceálacha de chuid PRT, ar an gcoinníoll go bhfuil ceadúnas agat. Is é an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) an t-údarás in Éirinn a dhéanann seiceálacha de chuid PRT ag pointí rialaithe teorann ceadaithe.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi iompórtáil ainmhithe ar Department of Agriculture, Food and the Marine - Import of animals and animal products.

Má tá speicis chosanta (CITES) á n-iompórtáil agat ó thíortha taobh amuigh den AE, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le haghaidh tuilleadh eolais.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh le do thoil.