Trealamh leighis a iompórtáil go buan

Féadtar an trealamh leighis seo a leanas a iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) gan Dleacht Custam a íoc orthu:

  • Uirlisí agus fearas beartaithe le haghaidh taighde sláinte, diagnóisicí sláinte a dheimhniú nó cóireáil leighis a dhéanamh.
  • páirteanna spártha, comhchodanna, oiriúintí agus uirlisí deartha le haghaidh chothabháil agus dheisiú na n-uirlisí agus na bhfearas seo.

Níl aon fhaoiseamh ó Cháin Bhreisluacha (CBL) a íoc.

Céard iad rialacha an fhaoisimh?

Baineann na rialacha seo a leanas leis na hearraí:

  • Ní mór go ndeonaítear iad ag eagraíocht charthanúil nó ag duine príobháideach d’údaráis sláinte, rannóga ospidéil nó institiúidí taighde leighis. Ní mór don údarás sláinte, ospidéal nó institiúid a bheith ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim na hearraí a fháil saor ó Dhleacht Custam.
  • Ní mór go ceannaítear iad ag údaráis sláinte, ospidéil nó institiúidí taighde leighis le cistí soláthraithe ag eagraíochtaí carthanúla nó ag ranníocaíochtaí deonacha.

Má dheonaítear do chuid earraí, ní mór nach mbeadh aon rún tráchtála ag an deontóir. Ní mór nach mbeadh aon cheangal ar chor ar bith ann idir monaróir na n-earraí a bhfuil an faoiseamh á éileamh ina leith.

Cén chaoi le cur isteach ar an bhfaoiseamh

Ba chóir don údarás sláinte, ospidéal nó institiúid taighde leighis cur isteach ar an gceadú don Aonad um Údaruithe agus Faoisimh roimh na hearraí a iompórtáil. Má tá d’iarratas in ord, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim litir um údarú chugat ina mbeidh uimhir tagartha uathúil.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ní mór seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis na hearraí a sholáthar a chur chuig an tseirbhís post nó cúiréir atá ag láimhseáil an beart. Ní mór go bhfuil an méid seo a leanas áirithe le heolas maidir leis na hearraí:
    • cur siós cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • marcáil an beart ‘Fearas le haghaidh taighde leighis: díolúine ó Dhleacht Chustam éilithe’.

Féadann cúiréir nó seirbhís post ag láimhseáil an beart an t-eolas seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag baint úsáid as Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór dóibh, ar an dearbhú custam:

  • na hearraí a dearbhú mar 'fearas le haghaidh taighde leighis' in DE 2/3
  • cód C17 a chur isteach in DE 1/11
  • agus
  • cód 1D09 agus an uimhir údaraithe ó do litir um údarú a chur isteach in DE 2/3.

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim litir um údarú liostaithe thuas a iarraidh chun tacú le d’éileamh ar fhaoiseamh.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.