Substaintí áirithe de chineál teiripe nó atá bainteach le leigheas a iompórtáil go buan

Féadtar na hearraí seo a leanas a iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc orthu:

  • I measc na substaintí teiripe a bheidh san áireamh beidh:
    • fuil daoine agus a gcuid díorthach
    • imoibreáin fuil-ghrúpála
    • imoibreáin tíopála fíocháin.
  • Pacáistiú speisialta a theastaíonn chun na hearraí seo a iompar nó tuaslagóirí agus oiriúintí a theastaíonn chun iad a úsáid.

Céard iad rialacha an fhaoisimh?

  • Ní mór na hearraí seo a bheith iompórtáilte ag institiúidí nó ag saotharlanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Ní mór na hearraí seo a úsáid chun críocha neamhthráchtála leighis nó eolaíochta.
  • Ní mór deimhniú comhréireachta a bheith agat eisithe ag comhlacht atá údaraithe go cuí sa tír neamh-AE arna fágáil.
  • Ní mór na hearraí a bheith i gcoimeádáin agus lipéad speisialta a bheith orthu chun iad a shainaithint.

Cén chaoi le cur isteach ar an bhfaoiseamh

Ba chóir d’institiúidí nó saotharlanna ar mian leo leas a bhaint as an bhfaoiseamh iarratas ar cheadú a chur chuig an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh roimh na hearraí a iompórtáil. Má tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta go bhfuil d’iarratas in ord, seolfaidh muid litir um údarú chugat. Beidh uimhir thagartha uathúil sa litir um údarú seo.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ní mór seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis na hearraí a sholáthar chuig an tseirbhís post nó cúiréir atá ag láimhseáil an beart. Ní mór go bhfuil an méid seo a leanas áirithe le heolas maidir leis na hearraí:
    • cur siós cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • marcáil an beart ‘Substaintí agus imoibrithe teiripe: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’.

Féadann cúiréir nó seirbhís post ag láimhseáil an beart an t-eolas seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag baint úsáid as Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór dóibh, ar an dearbhú custam:

  • na hearraí a dearbhú mar 'substaintí agus imoibrithe teiripe' in D/E 2/3
  • cód C16 a chur isteach in D/E 1/11
  • agus
  • cód 1D09 agus an uimhir údaraithe ó do litir um údarú a chur isteach in D/E / 2/3.

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim litir um údarú liostaithe thuas a iarraidh chun tacú le d’éileamh ar fhaoiseamh.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh