Calafoirt agus aerfoirt custam le haghaidh teacht agus imeacht árthaí agus aerárthaí
Aerfoirt ceaptha ag Custaim
Tá dhá chineál aerfort a cheapann Custaim, Cineál I agus Cineál II.
Aerfort Custam, Cineál I
De ghnáth, déileálann na haerfoirt seo le gníomhaíochtaí eitilte sceidealta le tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus neamh-AE. Déileálann siad le lastaí freisin.
Tá na haerfoirt seo ceadaithe le haghaidh an mhéid seo a leanas freisin:
- teacht agus imeacht aerárthaí, paisinéirí, criú agus a mbagáiste
- earraí, stórais agus tíolacas a lódáil agus a dhílódáil.
Tá na haerfoirt seo a leanas in Éirinn ceaptha ag Custaim mar aerfoirt de Chineál I:
- Aerfort Bhaile Átha Cliath
- Aerfort Chorcaí
- Aerfort na Sionainne
Aerfort Custam, Cineál II
Tá na haerfoirt seo níos lú agus déileálann siad go ginearálta le heitiltí chuig, agus ó, thíortha eile an AE. Iompraítear paisinéirí agus bagáiste ar na heitiltí, ach ní iompraíonn siad lastaí. Bíonn coinníollacha breise de ghnáth i leith ceadú do na haerfoirt seo maidir le gníomhaíochtaí eitiltí a thuairisciú roimh ré. Ní iompraíonn na haerárthaí seo earraí seachas bagáiste, breosla agus stórais.
Tá na haerfoirt seo a leanas in Éirinn ceaptha ag Custaim mar aerfoirt de Chineál II:
- Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire
- Aerfort Dhún na nGall
- Aerfort Shligigh
- Aerfort Inis Oírr
- Aeradróm Inis Mór
- Aerfort Inis Méan
- Aeradróm Mhainistir Shruthla
- Aeradróm Bhiorra
- Aeradróm Chluain Bolg
- Aerfort Chonamara
- Aerfort Phort Láirge
- Aerfort Weston
- Aerfort Chill Chainnigh
- Aeradróm Chill Rois
- Aeradróm an Chaisleáin Nua
- Aeradróm Baile Átha Troim
- Aerfort Chiarraí
- Aeradróm Mhic Easmainn
- Aerpháirc Bhaile Átha Buí
- Aeradróm Mhainistir na Féile.
Ar aghaidh: Calafoirt ceaptha ag Custaim