Imréiteach láraithe

Cad a cheadaíonn imréiteach láraithe duit a dhéanamh

Má tá tú údaraithe le haghaidh imréiteach láraithe, féadfaidh tú:

  • do dhearbhaithe Custaim a thíolacadh chuig an údarás Custaim i mBalltát amháin (an Ballstát maoirseachta)
  • na hearraí a chur i láthair go fisiciúil i mBallstát eile (an Ballstát rannpháirteach)
  • agus
  • do phróisis chomhlíontachta Custam (lena n-áirítear cuntasaíocht i leith Dleachta Custaim) a lárú sa Bhallstát maoirseachta.

Ligeann sé seo do ghnóthaí atá ag feidhmiú ar fud roinnt Ballstát a gcuid nósanna imeachta Custam a shimpliú agus a chaighdeánú. Is féidir rialaithe Custam a dhéanamh fós san áit ina bhfuil na hearraí suite go fisiciúil.

Ar aghaidh: Cad nach gclúdaíonn imréiteach láraithe