Imréiteach láraithe

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh

Níl imréitheach láraithe ar fáil ach do thradálaithe a:

  • a bhfuil údarú acu mar Oibreoir Eacnamaíochta Údaraithe le haghaidh Simplithe Custam (AEOC)
  • agus
  • a chomhlíonann na caighdeáin dlíthiúla, oibríochtúla agus chomhlíontachta atá leagtha síos faoi Chód Custam an Aontais.

Ní mór do thradálaithe a léiriú go bhfuil rialuithe inmheánacha cuí acu, córais coimeádta taifead agus stair chomhlíontachta shásúil acu sula bhféadtar údarú a dheonú. Ní ghlactar le hiarratais ach tríd an gCóras Dearbhaithe Custam (CDC). Déan teagmháil le SimplifiedProcedures@revenue.ie sula ndéanann tú iarratas a thíolacadh in CDS.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le himréiteach láraithe, incháilitheacht nó faoin bpróiseas iarratais, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hAonad Simplithe na gCoimisinéirí Ioncaim ag SimplifiedProcedures@revenue.ie

 Tá gach doiciméad teicniúil agus scéim ar fáil ag UCC – Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) lena n-áirítear uasghráduithe CCI agus Náisiúnta atá le teacht - Treoracha do Thrádálaithe.