Iontráil i dTaifid an Dearbhóra (ITD) – iompórtáil

Nós imeachta simplithe é an Iontráil i dTaifid an Dearbhóra (ITD). Faoin nós imeachta seo, féadtar oibreoir eacnamaíochta a údarú chun earraí áirithe a chur isteach sa nós imeachta iompórtála custam ag a n-áitreabh nó ag láthair cheadaithe eile.

Ní mór na sonraí a bheith ar fáil do na húdaráis custam ag an tráth a thaisctear an dearbhú. Ní mór na míreanna sonraí íosta iarrtha a bheith sa dearbhú.

Leis an údarú seo, féadtar an dualgas na hearraí atá le cur ar fáil a tharscaoileadh. Meastar go scaoiltear leis na hearraí ag an tráth a chuirtear isteach i dtaifid an dearbhóra iad.

Is tar éis go scaoiltear na hearraí a thaisctear an dearbhú forlíontach ina mbíonn na heilimintí sonraí iarrtha. Tá cúinsí ann ina bhféadtar an dearbhú forlíontach a tharscaoileadh.

Measfar gurb ionann an dearbhú a chuirtear i dtaifid an dearbhóra agus sa dearbhú forlíontach, agus ionstraim dhoroinnte amháin. Tagann an ionstraim i bhfeidhm ar an dáta a chuirtear na hearraí isteach i dtaifid an dearbhóra.

Chun údarú um Iontráil i dTaifid an Dearbhóra a fháil, ní mór:

  • taifead comhlíontachta a bheith agat leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • agus
  • a bheith mar Oibreoir Eacnamaíochta Údaraithe.

Níl earraí toirmiscthe nó srianta incháilithe le haghaidh Iontráil i dTaifid an Dearbhóra ag tráth na hiompórtála.

Déanfar plean rialaithe a dhréachtú atá sonrach don oibreoir eacnamaíochta.

Is éascú nua é seo a tugadh isteach faoi Chód Custam an Aontais (CCA).

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad Simplithe.