Cead isteach sealadach do threalamh oideachais agus eolaíochta le haghaidh taighde nó teagaisc

Léargas ginearálta

Féadtar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid chun an méid seo a leanas a iompórtáil go sealadach ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) :

  • earraí atá beartaithe chun críocha teagaisc agus oiliúint ghairme amháin 
  • fearas eolaíochta atá beartaithe chun críocha taighde nó teagaisc eolaíochta amháin
  • páirteanna spártha agus oiriúintí le haghaidh ábhair nó fearais den chineál sin
  • uirlisí a dheartar go speisialta chun ábhar nó fearas den chineál sin a chothabháil, a sheiceáil, a chalabrú nó a dheisiú.

Tabhair do d'aire

Má úsáideann tú an nós imeachta seo, beidh ort urrús a chur ar fáil nó do dhleacht a íoc ar éarlais. Féadfaidh tú é seo a aiséileamh má dhéanann tú d’earraí a ath-easpórtáil.

Ar aghaidh: Rialacha maidir le cead isteach sealadach do threalamh oideachais agus eolaíochta