Cead isteach sealadach do threalamh oideachais agus eolaíochta le haghaidh taighde nó teagaisc

Samplaí de threalamh oideachais agus eolaíochta le haghaidh taighde nó teagaisc

Taifeadóirí nó atáirgeoirí fuaime nó íomhánna, amhail:

  • teilgeoirí sleamhnán agus stiallscannáin
  • teilgeoirí cineamatagrafacha
  • cúlteilgeoirí agus eipeascóip
  • maighnéadafóin, maighnéadascóip agus trealamh físe
  • trealamh teilifíse ciorcaid iata.

Meáin fuaime agus íomhánna, amhail:

  • sleamhnáin, stiallscannáin agus micreascannáin
  • scannáin chineamatagrafacha
  • taifeadtaí fuaime (téipeanna maighnéadacha, dioscaí)
  • fístéipeanna.

Ábhar speisialaithe, amhail:

  • fearas bibleagrafaíochta agus ábhar closamhairc le haghaidh leabharlann
  • leabharlanna taistil
  • teanglanna
  • trealamh ateangaireachta comhuainí
  • meaisíní teagaisc cláraithe, meicniúla nó leictreonacha
  • ábhar a dheartar go speisialta le haghaidh oideachas nó gairmoiliúint daoine faoi mhíchumas.

Ábhar eile, amhail:

  • cairteanna balla, samhaltáin, graif, léarscáileanna, pleananna, grianghraif agus léaráidí
  • ionstraimí, fearais agus samhaltáin a dearadh chun críocha léiriúcháin
  • bailiúcháin míreanna le faisnéis físe nó fuaime oideolaíochta, a ullmhaíodh chun ábhar a mhúineadh (trealamh staidéir)
  • ionstraimí, fearas, uirlisí agus uirlisí meaisín chun ceird nó ceardaíocht a fhoghlaim
  • trealamh, go háirithe trealamh a oiriúnaíodh nó a dearadh go speisialta le haghaidh feithiclí le húsáid in oibríocht fóirithinte, a iompórtáladh chun oiliúint a chur ar dhaoine atá páirteach in oibríochtaí fóirithinte.

Earraí, amhail:

  • cultacha agus míreanna radharcra a sheoltar ar iasacht saor ó tháille chuig cumainn drámaíochta nó chuig amharclanna
  • scóir cheoil a sheoltar ar iasacht saor ó tháille chuig amharclanna ceoil nó chuig ceolfhoirne.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.