Cead isteach sealadach do threalamh oideachais agus eolaíochta le haghaidh taighde nó teagaisc

Rialacha maidir le cead isteach sealadach do threalamh oideachais agus eolaíochta

Tá rialacha ginearálta ann i leith cead isteach sealadach faoin méid seo:

  • na hearraí fanacht gan athrú
  • na hearraí a aithint
  • urrús
  • an t-am a cheadaítear
  • na nósanna imeachta iompórtála agus atheaspórtála
  • toirmisc agus srianta.

Chomh maith leis na rialacha ginearálta, tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm ar threalamh oideachais agus eolaíochta:

  • Ní mór duit gan an trealamh a úsáid chun críocha tráchtála amháin.
  • Ní mór gur cainníochtaí réasúnacha atá á n-iompórtáil agat, agus aird ar chuspóir na hiompórtála.
  • Ní fhéadann ach gnólachtaí neamhbhrabúis eolaíochta, teagaisc nó gairmoiliúna an trealamh a iompórtáil.
  • Ní mór an trealamh a úsáid le haghaidh teagaisc, oiliúint nó taighde.
  • Ní mór go bhfanfadh sé mar mhaoin duine nó comhlacht atá bunaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE).

Ar aghaidh: Nós imeachta ag tráth na hiompórtála