Cónraí, síothla adhlactha agus earraí ornáideacha sochraide a iompórtáil

Féadtar an méid seo a leanas a iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc:

  • cónraí agus coirp iontu
  • agus
  • síothail adhlactha agus luaithreach daoine éagtha iontu.

Má tá cónaí ort taobh amuigh den AE, féadfaidh tú bláthanna, bláthfhleasca agus earraí ornáideacha eile a iompórtáil chun críocha:

  • freastal ar shochraid
  • uaigh a mhaisiú.

Ní mór na hearraí seo gan a beith ina n-earraí de chineál tráchtála.  

Beidh ort teagmháil a dhéanamh chomh maith, le hoifig an chróinéara maidir le corp a iompórtáil isteach go hÉirinn le haghaidh adhlactha nó créamtha. 

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Níl ort dearbhú foirmiúil Custam a chomhlánú. Má tá an cónra nó an síothal ar an lastliosta, ba chóir duit dearbhú ó bhéal a dhéanamh ag an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála. Má tá an síothal mar chuid de do bhagáiste paisinéara, ba chóir duit é a dhearbhú d’oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag an aerfort nó calafort nuair a thagann sé isteach.

Doiciméid tacaíochta iarrtha

Cónra a iompórtáil

Ní mór deimhniú a bheith agat ón gCláraitheoir Sibhialta, nó ó údarás eile, ón áit a tharla an bás. Ní mór go sonrófaí ar an deimhniú go bhfuil an corp á bhaint lena adhlacadh.

Síothal a iompórtáil a bhfuil luaithreach duine éagtha ann

Ní mór deimhniú créamtha eisithe ag an gcréamatóiriam a bheith agat.

Bláthanna úra a iompórtáil

Ní mór Deimhniú Fíteashláintíochta a bheith agat. Is iondúil go n-eisíonn a n-údarás talmhaíochta é seo i dtír na heaspórtála.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh