Faoiseamh ó Dhleacht Custam agus CBL ar iompórtáil earraí a fuarthas le hoidhreacht

Féadtar earraí a fuair tú le hoidhreacht ó duine éagtha a iompórtáil gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc. Ní mór duit a bheith cónaitheach san Aontas Eorpach (AE) nó a bheith i do chuideachta neamhbhrabúsach bunaithe san AE. Ní mór na hearraí a iompórtáil taobh istigh de dhá bhliain tar éis iad a fháil le hoidhreacht.

Má tá mótarfheithicil á hiompórtáil agat a fuair tú le hoidhreacht, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal faoiseamh ó Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF) a íoc.

Tá toirmeasc ar earraí áirithe agus tá earraí eile faoi réir coinníollacha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár liosta de thoirmisc agus srianta.

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh i leith na n-earraí seo a leanas:

  • táirgí alcóil
  • tobac, nó táirgí tobac
  • earraí chun úsáid le trádáil nó gairm, seachas earraí iniompartha de chuid na n-ealaíon feidhmeach nó na saorealaíon
  • stoc amhábhair agus táirgí críochnaithe, nó táirgí leathchríochnaithe
  • beostoc agus stoc táirgí talmhaíochta a sháraíonn na cainníochtaí cuí do riachtanais an ghnáth-theaghlaigh
  • modhanna iompair tráchtála.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála 

Ní mór duit Inheritance Declaration Form a chomhlánú agus é a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ag am agus tráth na hiompórtála.

Teastóidh an méid seo:

  • cruthúnas ar bhás duine, amhail deimhniú báis
  • agus
  • cóip den uacht (ar a léirítear gur fágadh na hearraí i gceist le huacht leat).

Má tá an deimhniú nó uacht i dteanga eile seachas an Béarla nó an Ghaeilge, ní mór aistriúchán dílis a sholáthar.

Má tá earraí óir nó plátáil airgid á n-iompórtáil agat (seachas earraí leictreaphlátála) ba chóir duit:

agus

  • an fhoirm chomhlánaithe a thaispeáint do na Coimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.