Gradaim nó oirnis oinigh a iompórtáil

Féadtar na gradaim nó oirnis oinigh seo a leanas a iompórtáil gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc:

  • Oirnis bronnta ag rialtas tír neamh-Aontais Eorpaigh (AE).
  • Coirn, boinn nó earraí siombalacha bronnta i dtír neamh-AE mar aitheantas do do ghníomhaíochtaí sna healaíona, san eolaíocht, sa spórt agus mar sin de. (Féadann duine nó eagraíocht neamh-AE a bhfuil sé ar intinn acu iad a bhronnadh san AE) na gradaim seo a iompórtáil freisin.
  • Gradaim, coirn agus earraí siombalacha le tabhairt do chónaitheoirí neamh-AE ag freastal ar chomhdháil ghnó nó imeacht den chineál céanna san AE. Ní mór luach teoranta a bheith ar na gradaim seo agus iad tugtha saor in aisce ag an imeacht.

Ní mór nach gradaim nó oirnis de chineál tráchtála iad. 

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Teastóidh litir ón eagraíocht nó ón óstach sa tír neamh-AE ina mínítear an chúis leis an ngradam.

Ní mór do seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an litir liostaithe thuas a cheangal den taobh amuigh den phacáiste agus ‘doiciméid custam’ a mharcáil air.
  • eolas maidir leis an mbronntanas a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil an pacáiste. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san eolas seo faoi na hearraí:
    • cur síos cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • marcáil an pacáiste ‘Oirnis nó gradaim oinigh: - díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’.

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann leis an bpacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú trí Chóras nua Iompórtála Uathoibríoch na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Ba chóir dóibh an méid seo a leanas a bheith ar an dearbhú custaim seo:

  • na hearraí a dhearbhú mar oirnis nó gradaim oinigh
  • agus
  • an cód C27 a chur in D/E 1/11 den dearbhú. 

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.