Iompórtáil bronntanas chun cuairt nó gníomh oifigiúil a cheiliúradh

Féadtar bronntanais i gcomhthéacs caidreamh idirnáisiúnta a iompórtáil gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc más rud é:

  • go bhfaigheann tú bronntanas ón údarás aíochta i dtír taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) ina dtugann tú cuairt oifigiúil
  • go dtugann tú cuairt oifigiúla ar an Aontas Eorpach (AE) agus é de chuspóir agat an bronntanas a thabhairt don údarás aíochta
  • go seoltar an bronntanas mar chomhartha cáilmheasa ag grúpa nó údarás oifigiúil bunaithe taobh amuigh den AE a dhéanann gníomhaíocht ar mhaithe le leas an phobail. Tabhair do d’aire:
    • ní mór an bronntanas a bheith tugtha do ghrúpa nó údarás den chineál céanna san AE
    • agus
    • ní mór duit ceadú a fháil ón Aonad um Údaruithe agus Faoisimh chun na hearraí seo a fháil saor ó dhleacht.

Ní mór na bronntanais a bheith ócáideach agus gan a bheith de nádúr tráchtála. Níl aon fhaoiseamh ann le haghaidh táirgí alcóil nó tobac.

Nós imeachta ag an iompórtáil

Teastóidh litir ón eagraíocht nó ón óstach sa tír neamh-AE ina leagtar amach na cúinsí leis an mbronntanas. Féadfaidh sé go dteastóidh litir um cheadú ó na Coimisinéirí Ioncaim (mar atá mínithe thuas) mar thaca le d’éileamh.

Ní mór do seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • na doiciméid liostaithe thuas a cheangal den taobh amuigh den phacáiste agus ‘doiciméid custam’ a mharcáil orthu.
  • eolas maidir leis an mbronntanas a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil an pacáiste. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san eolas seo faoi na hearraí:
    • cur síos cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • ‘marcáil an pacáiste ‘Bronntanais dea-thola: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’.

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann leis an bpacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú trí Chóras nua Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Ba chóir dóibh an méid seo a leanas a bheith ar an dearbhú custaim seo:

  • na hearraí a dhearbhú mar bhronntanais dea-thola
  • agus
  • an cód C28 a chur in D/E 1/11 den dearbhú.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.