Earraí tráchtála a iompar i mbagáiste

Céard is Marsantas i mBagáiste ann?

Chun críche custam, tugtar Marsantas i mBagáiste (MIB) ar earraí tráchtála á n-iompórtáil i do bhagáiste.

Féadfaidh sé go bhfuil na hearraí sin iompórtáilte:

  • i saorchúrsaíocht ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE)
  • go sealadach chun iad a atheaspórtáil.

Áirítear mar MIB na hearraí seo a leanas a iompórtáiltear agus a easpórtáiltear go coitianta:

  • earraí faighte le haghaidh cuideachta
  • earraí le haghaidh díola
  • páirteanna spártha
  • samplaí gnó agus mar sin de.

Ar aghaidh: Rialuithe Custam ag an aerfort nó ag an gcalafort