Earraí tráchtála a iompar i mbagáiste

  1. Léargas ginearálta
  2. Céard is Marsantas i mBagáiste ann?
  3. Rialuithe Custam ag an aerfort nó ag an gcalafort
  4. Rialuithe custam maidir le hearraí tráchtála a easpórtáil i mbagáiste

Rialuithe custam maidir le hearraí tráchtála a easpórtáil i mbagáiste

Teastóidh dearbhú easpórtála sna cásanna seo:

  • má tá earraí tráchtála á n-iompar agat i do bhagáiste
  • agus
  • má tá na hearraí tráchtála seo á n-easpórtáil chuig tír eile taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE).

Ní mór an dearbhú a chomhlánú sa Bhallstát inar thosaigh gluaiseacht na heaspórtála.

Ní mór an dearbhú easpórtála a bheith in éineacht le doiciméid eile easpórtála a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil. Mar shampla, ceadúnas easpórtála má tá na hearraí faoi shrian.

Nuair atá gá le dearbhú custam, féadfaidh sé go dteastóidh gníomhaire imréitigh custam a fhostú chun déileáil leis na gnásanna. Gearrfaidh gníomhairí imréitigh custam táille a ghearradh i leith na seirbhíse seo.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait, déan teagmháil le Custaim.