Ag taisteal le, nó ag seoladh airgead thirim

Ag taisteal le hairgead tirim - Cén áit ar chóir duit do dhearbhú a dhéanamh

Ní mór duit d’fhoirm um dhearbhú airgid thirim a thabhairt do Chustaim ag:

  • an aerfort
  • calafort
  • teorainn tíre

trína dtagann tú isteach nó trína bhfágann tú an tAontas Eorpach (AE).

Aerfort Bhaile Átha Cliath

Má fhágann tú ó Aerfort Bhaile Átha Cliath, ba chóir duit do dhearbhú airgid thirim a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfón cúirtéise chun teagmháil a dhéanamh leis an bpríomhoifig Custam. Féadtar teacht ar an bhfón cúirtéise sa limistéar poiblí den halla teachta.

Má thagann tú isteach in Aerfort Bhaile Átha Cliath, ba chóir duit d'fhoirm um dhearbhú airgid thirim a thabhairt d’oifigeach Custam sa chainéal dearg.

Aerfort na Sionainne

Má fhágann tú ó Aerfort na Sionainne, ba chóir duit do dhearbhú airgid thirim a dhéanamh sa bhoth Custam sa tolglann idirthurais. Mura bhfuil aon oifigeach ar freastal sa bhoth Custam, ba chóir duit d’fhoirm um dhearbhú airgid thirim a chur sa bhosca atá curtha ar fáil lena aghaidh.

Má thagann tú isteach in Aerfort na Sionainne, ba chóir duit do dhearbhú airgid thirim a dhéanamh le hoifigeach Custam sa halla Custam. Mura bhfuil aon oifigeach ar freastal, ba chóir duit d’fhoirm um dhearbhú a chur sa bhosca atá curtha ar fáil lena aghaidh.

Aerfort Chnoc Mhuire

Ag aerfort Chnoc Mhuire tá na foirmeacha um dhearbhú airgid thirim ar fáil sa halla teachta. Féadtar teacht orthu ar an mballa trasna ó chrios iompróra bagáiste uimhir 1 i halla an bhagáiste.

Sa láthair imeachta, tá na foirmeacha um dhearbhú airgid thirim ar fáil sa láthair scagtha ag an mbealach isteach chuig an tolglann imeachta.

Mura bhfuil oifigeach custam i láthair, ba chóir duit d’fhoirm um dhearbhú airgid thirim a chur sa bhosca poist atá curtha ar fáil.

Aerfoirt agus calafoirt eile

Má thagann tú isteach nó má fhágann tú aerfoirt nó calafoirt eile, ba chóir duit do dhearbhú airgid thirim a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh leis na húdaráis Custam ag na haerfoirt nó calafoirt seo.

Ar aghaidh: Airgead tirim neamhthionlactha