Ag taisteal le, nó ag seoladh airgead thirim

Airgead tirim neamhthionlactha

Is éard é airgead tirim neamhthionlactha ná airgead tirim a sheoltar tríd an bpost, le lasta nó le cúiréir. Má sheoltar airgead tirim neamhthionlactha de €10,000 nó níos mó isteach nó amach as an Aontas Eorpach (AE), féadann Custaim an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a iarraidh go gcomhlánófar foirm dearbhaithe um nochtadh airgid taobh istigh de 30 lá.  I gcás nach leor an spás atá ar fáil ar an bhfoirm, féadfar bileoga breise a úsáid trí foirm bileog breise um nochtadh airgid
  • an dearbhú don airgead tirim neamhthionlactha seo a iarraidh ón seoltóir, ón bhfaighteoir, nó ó ionadaí atá ag gníomhú thar a gceann
  • rialuithe a dhéanamh ar aon choinsíneacht, pacáiste nó modh iompair a d’fhéadfadh airgead tirim a bheith iontu. 

Ar aghaidh: Dearbhuithe míchearta nó neamhiomlána i leith airgid thirim