Taisteal ó thaobh istigh den AE

Léargas ginearálta

Má tá tú ag taisteal go hÉirinn ó thír eile den Aontas Eorpach (AE) féadfaidh tú méid neamhtheoranta den chuid is mó d’earraí a thabhairt isteach. Tá srian, áfach, ar mhéideanna táirgí alcóil agus tobac. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na teorainneacha seo ar an gcéad leathanach eile. Tá cosc ar roinnt earraí, agus tá srianta ag baint le roinnt eile.

Má tá tú ag taisteal ó na hOileáin Chanáracha, ba chóir duit ár n-eolas Custam a léamh in Taisteal ó thaobh amuigh den AE.

Ar aghaidh: Earraí dleacht-íoctha agus cáin-íoctha