Taisteal ó thaobh istigh den AE

Rialuithe custam ar theacht isteach ag aerfort nó calafort

Má thagann tú isteach ar muir

Má thagann tú isteach ar muir ó thír san Aontas Eorpach (AE) gan aon earraí le dearbhú agat, féadfaidh tú an calafort a fhágáil gan dul trí rialuithe Custam ach amháin má stoptar thú.

Má thagann tú isteach d’aer

Má thosaíonn do thuras agus d’eitilt araon san AE, téigh tríd an gcainéal gorm. Má thosaíonn do thuras taobh den AE (mar shampla, Nua Eabhrac – Frankfurt – Baile Átha Cliath), téigh trí na cainéil seo:

  • tríd an gcainéal glas mura bhfuil earraí agat le dearbhú
  • tríd an gcainéal dearg má tá earraí agat le dearbhú.

Féadann Oifigigh Custam seiceálacha roghnacha a dhéanamh ar thaistealaithe atá ag taisteal ón AE. Tá sé mar sprioc ag na seiceálacha sin dul i ngleic le smuigleáil earraí coiscthe nó srianta nó le coireanna máil. Féadtar thú a stopadh, a cheistiú agus do bhagáiste a scrúdú.

Tabhair do d'aire

Ní mór duit iad seo a leanas a dhearbhú d’oifigeach Custam ag an aerfort nó calafort:

• earraí atá sa bhreis ar do chuid liúntas

• earraí toirmiscthe nó srianta.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Custaim.