Taisteal ó thaobh istigh den AE

Earraí coiscthe nó srianta i mbagáiste

Tá cosc ar roinnt earraí, agus tá srianta ag baint le roinnt eile. Má tá earraí i do sheilbh atá ar an liosta seo a leanas, ní mór duit iad a dhearbhú d’Oifigeach Custam: 

  • cait agus madraí tí
  • drugaí mídhleathacha nó dainséaracha
  • earraí mígheanasacha nó gáirsiúla
  • bia-ábhair áirithe (feoil, bainne, éisc nó táirgí dá gcuid den chuid is mó)
  • táirgí speiceas i mbaol
  • nithe cosanta d’oidhreacht idirnáisiúnta
  • cógais leighis
  • airm tine, gléasanna, tinte ealaíne nó pléascáin
  • ainmhithe beo nó marbha, éisc, éin nó plandaí.

Má tá tuilleadh eolais uait, féach ar liosta iomlán na gCoimisinéirí Ioncaim ar thoirmisc nó srianta, nó déan teagmháil le hoifigeach Custam ag aon chalafort nó aerfort.

Ar aghaidh: Rialuithe custam ar theacht isteach ag aerfort nó calafort