Taisteal ó thaobh istigh den AE

Earraí dleacht-íoctha agus cáin-íoctha

Ní ghearrfar dleacht nó cáin ort i leith earraí a tugadh isteach go hÉirinn má tá na muirir seo íoctha agat cheana i dtír eile den Aontas Eorpach (AE). Mar shampla, má cheannaigh tú na hearraí in ollmhargadh. Níl sé seo i bhfeidhm ar ola mhianrach ná ar tháirgí alcóil agus tobac.

Rialacha le haghaidh tairgí alcóil agus tobac dleacht-íoctha

Más mian leat táirgí alcóil agus tobac a thabhairt isteach (suas leis na teorainneacha léiritheacha thíos) gan aon dleacht nó cáin bhreise a íoc, ní mór duit an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • a bheith 17 nó níos sine
  • na hadmhálacha a choinneáil (chun chruthú gur íoc tú an dleacht agus an cháin cheana féin)
  • na hearraí a iompar agus a bheith in éineacht leat go pearsanta
  • agus
  • na hearraí a bheith faighte agat agus a bheith chun d’úsáid phearsanta féin agus gan é a bheith ar intinn agat iad a dhíol.

Glacfar leis gur chun críche pearsanta iad na cainníochtaí seo a leanas do dhaoine aonair ag taisteal taobh istigh den AE:

  • 800 toitín
  • 400 todóigín
  • 200 todóg
  • 1kg tobac chun caitheamh
  • 10 lítear biotáille (fuisce, jin, vodca, agus araile)
  • 20 lítear de dheochanna meisciúla eile nach bhfuil níos mó ná 22% de thoirt alcóil iontu (mar shampla pórtfhíon, seiris, fíon súilíneach agus roinnt cineálacha licéar)
  • 90 lítear fíona (ní fhéadann ach 60 lítear de seo a bheith ina fhíon súilíneach)
  • 110 lítear beorach. 

Ar aghaidh: Earraí saor ó dhleacht agus earraí saor ó cháin