Díolúintí taistil agus cothuithe i gcás fostaíochta áirithe

Stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin

Stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn

Féadtar íocaíocht saor ó cháin a dhéanamh as costais taistil agus chothabhála do do stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn chun freastal ar chruinnithe cuideachta. Tá seo amhlaidh ón 1 Eanáir 2016.

Féadfaidh tú na costais seo a íoc saor ó cháin agus gach rud a leanas a bheith i bhfeidhm:

  • ní mór go mbeadh an stiúrthóir ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin de chuid na cuideachta
  • ní mór nach mbeadh cónaí ar an stiúrthóir in Éirinn
  • níl ach suimeanna dearbhaithe clúdaithe (níl fáil air rátaí Státseirbhíse)
  • ní mór go mbeadh na cruinnithe a mbeadh an stiúrthóir ag freastal orthu ceaptha chun críocha gnó na cuideachta a dhéanamh.

Stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin a bhfuil cónaí orthu in Éirinn

Féadtar íocaíocht saor ó cháin a dhéanamh as costais taistil agus chothabhála do do stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin a bhfuil cónaí orthu in Éirinn chun freastal ar chruinnithe cuideachta. Tá seo amhlaidh ón 1 Eanáir 2017.

Féadfaidh tú na costais a íoc saor ó cháin agus gach rud a leanas a bheith i bhfeidhm:

  • ní mór go mbeadh an stiúrthóir ina stiúrthóirí neamhfheidhmiúchán de chuid na cuideachta
  • ní mór cónaí a bheith ar an stiúrthóir in Éirinn
  • ní mór go mbeadh na cruinnithe a mbeadh an stiúrthóir ag freastal orthu ceaptha chun críocha gnó na cuideachta a dhéanamh
  • úsáidtear rátaí Státseirbhíse chun costais a ríomh
  • ní mór nach bhfuil pá bliantúil (gan taisteal agus cothú san áireamh) an stiúrthóir níos mó ná €5,000.

Má tá an stiúrthóir i mbun oifige ar feadh níos gairide ná bliain amháin, ní mór duit suim an phá a athbhreithniú chun teacht ar fhigiúr bliantúlaithe. Úsáideann muid an figiúr leasaithe chun déanamh amach cé acu an bhfuil an comhalta i dteideal na díolúine nó nach bhfuil.

Má íocann tú speansais ag rátaí níos airde ná rátaí na Státseirbhíse, ní mór dóibh cáin a íoc ar an bhfarasbarr.

Ar aghaidh: Coimisiún na Scrúduithe Stáit