Díolúintí taistil agus cothuithe i gcás fostaíochta áirithe

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Féadtar costais taistil agus chothabhála a thabhaigh scrúdaitheoir de chuid Choimisiún na Scrúduithe Stáit a íoc saor ó cháin. Tá sé seo amhlaidh ón 1 Eanáir 2016.

Féadfaidh tú na costais a íoc saor ó cháin do do scrúdaitheoirí má tá siad ceangailte go díreach le:

  • forbairt páipéar scrúdaithe nó ábhair eile scrúdaithe
  • páipéir nó ábhair a mharcáil
  • dualgais feitheora a chomhlíonadh ag scrúdú.

Má íocann tú costais ag rátaí níos airde ná rátaí na Státseirbhíse ní mór dóibh cáin a íoc ar an bhfarasbarr.