Eolas ar an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Tabhair do d'aire

Tháinig deireadh leis an SFSP ar an 31 Lúnasa 2020 agus tháinig an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta ina áit. Is chun críocha tagartha atá an t-eolas ar an leathanach seo.

D’oibrigh na Coimisinéirí Ioncaim an SFSP ón 26 Márta 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2020. Tháinig an SFSP in áit na Scéime Aisíocaíochta COVID-19 d’Fhostóirí. Chuir sé ar chumas fostaithe, a raibh tionchar ag an bpaindéim ar a bhfostóirí:

  • tacaíochtaí suntasacha a thabhairt go díreach dá gcuid fostóirí 
  • a mbaill foirne a choinneáil ar an bpárolla le linn na paindéime. Chiallaigh sé seo go bhféadfadh fostóirí ceangal a choinneáil lena bhfostaithe nuair a tháinig gnó ar ais chuige féin tar éis na paindéime.

D’fhéadfadh fostóirí, a raibh sé ar a gcumas é sin a dhéanamh, íocaíocht bhreise le gach fóirdheontas pá a dhéanamh le fostaithe.

D'aisíoc na Coimisinéirí Ioncaim an fostóir as an bhfóirdheontas pá a d'íoc siad le fostaithe tar éis an tíolactha párolla a fháil.

Tá sonraí maidir le hoibriú an SFSP ar fáil sa rannán Treoir Bhreise.