Díolúine i gcás urrúis áirithe

Tá bronntanas nó oidhreacht urrúis agus aonaid áirithe rialtais a choinnítear i scéimeanna áirithe iontaobhais aonaid díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC) má bhaineann aon cheann díobh seo a leanas:

  • má thógann tairbhí iad nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát
  • tá na hurrúis nó na haonaid sa bhronntanas nó san oidhreacht ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta agus ar an dáta luachála araon
  • bhí na hurrúis nó na haonaid coinnithe ag an diúscróir go leanúnach ar feadh tréimhse 15 bliana roimh dáta an mbronntanas nó an oidhreacht.

Ní bhaineann an tréimhse úinéireachta 15 bliana sa chás:

  • nach raibh sainchónaí ná gnáthchónaí ar an diúscróir sa Stát ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta
  • go raibh na hurrúis nó na haonaid i seilbh an diúscróir roimh an 26 Márta 1997 nó gur tháinig siad faoi réir na diúscartha roimh an dáta sin
  • agus
  • nach raibh sainchónaí ná gnáthchónaí ar an diúscróir sa Stát ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta.

Níl an díolúine seo ar fáil i gcás na Cánach ar Iontaobhas Lánroghnach.

Conas an díolúine a éileamh

Chun díolúine urrús áirithe a éileamh, ní mór duit Foirm tuairisceáin CFC IT38 a thíolacadh ar líne. Ní mór duit an tuairisceán a thíolacadh trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).